Bríghde Chaimbeul

Winner of the 2019 BBC Radio 2 Horizon Award, and 2016 BBC Radio 2 Young Folk award Scotland’s Brìghde Chaimbeul is making her mark on the global stage. A native Gaelic speaker, her style is rooted in her native language and culture, but draws inspiration from a variety of global piping traditions such as from Cape Breton, Eastern Europe and Ireland. Her debut album ‘The Reeling’ has had an extraordinary response since it’s launch at a sold out Celtic Connections show at the start of 2019. It was named as Folk Album Of The Month by The Guardian, given five star reviews in both fRoots and Songlines, lavished with praise by BBC Radio 3’s Late Junction and listed as one of The Quietus’s Albums Of The Year.

‘The Reeling’ was voted one of the 20 Scottish Albums Of The Year by the Say Awards (out of 293 submissions) and secured a BBC Radio 2 Folk Award win for Brìghde. Musicians as diverse as Colin Stetson, Sam Amidon and Anna von Hausswolff have expressed their love for the record on social media, and Super Furry Animals frontman Gruff Rhys invited Brìghde to collaborate with him and James Yorkston at a special show in Kirkcaldy. She was joined on the recording by violinist Aidan O’Rourke from experimental folk trio Lau, who also produced the album (and whom performs alongside her at some of her live appearances), Radie Peat from the Dublin band Lankum on concertina, and the pioneering 82-year-old singer and piper Rona Lightfoot contributing canntaireachd (a phonetic singing tradition used to teach pipe tunes – the word means “chanting” in Gaelic.)

Growing up in a musical family in Sleat on the Isle of Skye, she was no stranger to the sound of the pipes, and indeed the sound of music at home. Hearing Rona play gave Brìghde her initial inspiration to take up piping when she was just four years old (she began studying the instrument three years later.) Brìghde has devised a completely new way of arranging for pipe music that emphasises the rich textural drones of the smallpipes; the constancy of sound that creates a trance-like quality in the tunes.

 

Tá an tAlbanach, Brighde Chaimbeul ag baint cáil amach dá cuid ceoil le roinnt blianta anuas. Bronnadh gradam BBC Radio 2 Young Folk Award uirthi sa bhliain 2016, agus bhuaigh sí BBC Radio 2 Horizon Award sa bhliain 2019. Cainteoir dúchais Gaeilge na hAlban í agus tá stíl a cuid ceoil go mór faoi thionchar ag a teanga agus cultúr dúchais, ach baineann sí inspioráid fosta as stíleanna éagsúla píobaireachta an domhain, macasamhail ceol Cape Breton, Oirthear na hEorpa agus na hÉireann.

Tugadh moladh mór do “The Reeling”, an chéad albam a sheol sí ag Celtic Connections in 2019. Ainmníodh é mar Folk Album Of The Month sa Guardian, tugadh léirmheasanna cúig réalta dó in fRoots and Songlines, tugadh ardmholadh dó ar an Late Junction ar BBC Radio 3 agus roghnaíodh é i measc Albaim na Bliana ar an suíomh The Quietus. Mhol réimse ceoltóirí, ar nós, Colin Stetson, Sam Amidon agus Anna von Hausswolff an t-albam ar na meáin shóisialta agus thug Gruff Rhys, príomhcheoltóir le Super Furry Animals, cuireadh do Brìghde seinm leis féin agus le James Yorkston ag seó speisialta in Kirkcaldy. Sheinn roinnt ceoltóirí eile le Brìghde ar an albam, ina measc an veidhleadóir, Aidan O’Rourke ón ngrúpa Lau, Radie Peat ón ngrúpa Lankum ar an gconsairtín, agus an t-amhránaí agus píobaire ceannródaíoch, Rona Lightfoot, atá anois 82 bliain d’aois agus a rinne ‘canntaireachd’ (portaireacht bhéil a úsáidtear in Albain le poirt cheoil a theagasc).

Nuair a bhí Brìghde ag fás aníos in Sleat ar Oileán Sgitheanach, bhí an ceol timpeall uirthi cois teallaigh agus bhí taithí mhaith aici ar cheol na bpíobaí. I ndiaidh di Rona a chloisteáil, agus í ceithre bliana d’aois, spreagadh í le dul i dtreo na píobaireachta í féin agus thosaigh sí ag foghlaim trí bliana ina dhiaidh sin. Tá stíl úrnua forbartha aici ó shin le ceol a chóiriú do na píobaí, trí bhéim a chur ar dhordán na bpíob beag, le fuaim leanúnach a chruthú, rud a thugann blas draíochtúil don cheol/ rud a thugann blas támhnéil don cheol/ rud a thugann blas den támhcheol in iúl/ rud a chuireann an t-éisteoir faoi gheasa.