Ciarán Ó Gealbháin

De bhunadh an tSean-Phobail i nGaeltacht na nDéise é Ciarán Ó Gealbháin. Iarbhall den ghrúpa ceoil Danú, amhránaí agus ceoltóir is ea é a chuireann suim ar leith i dtraidisiún ceoil agus amhránaíocta na nDéise. Dála mórán eile sa gceantar sin, tá grá ar leith aige d’amhránaíocht mhuintir Tóibín, Baile Uí Raghallaigh, An Rinn Ó gCuanach – go háirithe Nioclás, Pádraig, Cáit agus Eibhlís – agus tháinig sé go mór faoina dtionchar. Scríobh Ciarán tráchtas dochtúireachta i Roinn an Bhéaloidis, COC, ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún amhránaíochta na nDéise agus tá roinnt mhaith alt foilsithe aige ar an ábhar sin. Tá sé ag léachtóireacht faoi láthair i Roinn an Bhéaloidis, COC, agus tá sé ar dhuine d’eagarthóirí Béascna: Iris Bhéaloideasa agus Eitneolaíochta COC. Tá taifeadtaí déanta aige mar amhránaí agus mar cheoltóir aonair, agus le grúpaí agus bannaí éagsúla anuas tríd na blianta. Is ‘mó duais atá bainte aige as a chuid amhránaíochta – Corn na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge 2012 ina measc. Ainmníodh é mar Amhránaí na Bliana, Gradaim Ceoil TG4, sa mbliain 2001, agus tá Gradam Shean-Nós Cois Life le bronnadh air i mbliana.

Ciarán Ó Gealbháin is a musician and singer from An Sean-Phobal, in the Waterford Gaeltacht. He has travelled extensively in the past with the Irish traditional music group, Danú, with whom he recorded two albums. He has a deep interest in the music and song of his native region and has conducted doctoral research into various aspects of the Waterford song tradition. He currently lectures on the Béaloideas and Folklore programmes at UCC, and is co-editor of Béascna: UCC Journal of Folklore and Ethnology. Ciarán has won numerous prizes for his traditional singing, including Corn na bhFear at Oireachtas na Gaeilge 2012. Awarded Amhránaí na Bliana, Gradaim Ceoil TG4 in 2001, he has recently been nominated as this year’s recipient of Gradam Shean-Nós Cois Life, an award which will be presented to him at an upcoming ceremony. He has recorded both as a solo artist and with various ensembles over the years.