Síle Denvir

Amhránaí sean-nóis agus cláirseoir í Síle Denvir a rugadh agus a tógadh i gceartlár Ghaeltacht Chonamara agus chuaigh oidhreacht thraidisiúnta na háite sin, go háirithe an ceol agus na hamhráin, go mór i bhfeidhm uirthi agus í ag éirí aníos. Cainteoir dúchais Gaeilge í Síle agus tá a cuid amhránaíochta fréamhaithe go domhain i stíl ársa an tsean-nóis, agus tá ar a cumas an traidisiún logánta sin a chur i láthair an domhain mhóir trína sainstíl fhíneáilte láithrithe. Casann sí go minic ina haonar, ach ina theannta sin, d’oibrigh sí i gcomhar le cuid de na ceoltóirí is mó le rá sa gceol Gaelach. Bhí sí ina ball bunaithe den ghrúpa Líadan agus chuaigh sí ar chamchuairt le The Chieftains. Chas sí le gairid le Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Martin Hayes agus Úna Monaghan. I measc a cuid buaicphointí eile ceoil, chan sí féin, Iarla Ó Lionáird agus Lillis Ó Laoire in éineacht le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ i saothar Mhíchíl Uí Shúilleabháin, Fill Arís. Glacann sí páirt go rialta i gcláracha teilifíse agus raidió, agus láithrigh sí cláracha ar nós ‘Sean-Nós’, ‘Fleadh TV’ agus ‘Ceol ó Kylemore’ ar TG4. Chomh maith leis sin, tá sí ina stiúrthóir ceoil ar an togra ‘Bláth na hÓige’, sraith nuálach a chuirfidh glúin óg amhránaithe sean-nóis as ceantair éagsúla Ghaeltachta in aithne don domhan mór. Tá croí Shíle istigh sna hamhráin Ghaeilge agus tá eolas domhain curtha aici ar thraidisiún na hamhránaíochta Gaeilge trína cuid oibre scolártha mar Ollamh Cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus cuidíonn an obair thaighde seo go mór léi agus í ag gabháil na n-amhrán i láthair an phobail. Tá dhá leabhar faoi chumadóirí amhrán as Conamara foilsithe aici, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020) and Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008), chomh maith le riar mhaith aistí léannta faoi thraidisiún na hamhránaíochta. Tá suim faoi leith aici i nasc a dhéanamh idir an taighde agus an chruthaitheacht agus i measc a cuid tograí taighde ealaíonta le gairid tá sraith físeán bunaithe ar amhráin Tom a’ tSeoighe (Molscéal TG4 2020) agus an dlúthdhiosca/leabhrán Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016) atá bunaithe ar an gceol agus ar na hamhráin i ndrámaí Phádarig Mhic Phiarais. Bhí an dlúthdhiosca ar ghearrliosta The Irish Times sa rannóg iomaíoch ‘Albam Traidisiúnta na Bliana 2016’, agus thug sé leis an duais don albam traidisiúnta is fearr ag Gradam Nós 2017. Eiseofar an t-albam is deireanaí ó Shíle, Anamnesis, a rinne sí i gcomhar leis an léiritheoir John Reynolds agus an dordveidhleadóir Caroline Dale, in 2023. Bronnfar Gradam Ceoil TG4 d’Amhránaí na Bliana uirthi i mbliana. SÍLE 

Síle Denvir is a sean-nós singer and harpist who is deeply influenced by her upbringing in the west of Ireland Connemara Gaeltacht. She was recently named Amhránaí na Bliana (singer of the year) in the prestigious TG4 Gradam Ceoil. A native Irish speaker, her singing is very much rooted in the ancient style of sean-nós or old-style Gaelic singing, and she has the ability to make the local global through her ethereal performance style. As well as being a solo artist Síle has collaborated with some of the finest musicians in Irish music. She is a founding member of the group Líadan, she has toured with The Chieftains and recent performances include collaborations with Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Martin Hayes and Úna Monaghan. Other performance highlights include singing as part of Mícheál Ó Suilleabháin’s composition Fill Arís with Iarla Ó Lionáird, Lillis Ó Laoire and The RTÉ National Symphony Orchestra. Síle is a regular contributor to various TV and radio programmes and she presented the programmes ‘Sean-Nós’, ‘Fleadh TV’ and ‘Ceol ó Kylemore’ on TG4, Ireland’s Irish language television network. She is also music director for ‘Bláth na hÓige’, an exciting new series that showcases the talents of young sean-nós singers from various Gaeltacht areas. Síle has a deep passion for Irish language song, and through her work as an academic at Dublin City University she has honed her knowledge of this song tradition to the highest level, giving her performances an extra layer of depth and understanding. She has published two books on songwriters from Connemara, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020) and Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008), and numerous articles on aspects of the Irish song tradition. She has a particular interest in combining her academic and creative work and recent artistic research projects include the production of a series of videos of Tom a’ tSeoighe’s songs (Molscéal TG4 2020) and a CD/Booklet called Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016) based on the music and song from the plays of Patrick Pearse. The CD was shortlisted by The Irish Times in the highly competitive ‘Best Traditional Album 2016’ category and won an award for best traditional album at Gradam Nós 2017. Her most recent album Anamnesis, a recording of sean-nós songs in collaboration with producer John Reynolds and cellist Caroline Dale, will be released in 2023.