
Doireann Ní Ghlacáin
Doireann Ní Ghlacáin is a presenter, producer, researcher, traditional musician, singer and composer from Dublin. Since has been at the forefront of traditional music programming on TG4 presenting landmark programmes such as Gradam Ceoil and FleadhTV. In 2021 she co-wrote and presented a documentary film about her maternal grandfather Seán Ó Riada with Jim Sheridan, which was met with widespread critical acclaim. In 2023, she led an innovative multi-media project, Say a Song, supported by the Arts Council, BAI and RTÉ, which invited a range of contemporary Irish poets and artists to reimagine a selection of major sean-nós songs through creative translation, visual and performance art, in order to highlight the relevance of their themes for the 21st century. Doireann’s fiddle-playing can be heard on the duet album, “The Housekeeper’s”, recorded with Sarah Flynn. She also completed a PhD Irish sean-nós singing in 2024 under the supervision of Lillis Ó Laoire.
Is láithreoir, léiritheoir, taighdeoir, ceoltóir traidisiúnta, amhránaí agus cumadóir í Doireann Ní Ghlacáin, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas di. Bhí ról lárnach aici i gcláracha ceoil thraidisiúnta ar TG4 le roinnt blianta anuas, agus cláracha suntasacha, ar nós Gradam Ceoil agus FleadhTV curtha i láthair aici. Sa bhliain 2021, d’oibrigh sí le Jim Sheridan ar scannán faisnéise faoina seanathair ar thaobh a máthar, Seán Ó Riada. Bhí sí féin ina comhscríbhneoir agus ina láithreoir ar an scannán, a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí. In 2023, thug sí faoi thionscadal nuálach ilmheán dar teideal Say a Song, arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon, an BAI agus RTÉ. Mar chuid den tionscadal, tugadh cuireadh do réimse filí agus ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha amhráin mhóra sean-nóis a athshamhlú trí aistriúchán cruthaitheach agus ealaín, chun solas a chaitheamh ar thábhacht agus ábharthacht a dtéamaí do shaol an lae inniu. Fidléir cumasach í Doireann agus tá a cuid ceoil le cloisteáil ar an albam The Housekeeper’s, a thaifead sí le Sarah Flynn. Anuas air sin ar fad, bhain sí PhD ar an amhránaíocht sean-nós amach sa bhliain 2024, faoi stiúir Lillis Uí Laoire.