máire ní chéileachair
Is amhránaí sean-nóis í Máire Ní Chéileachair a rugadh agus a tógadh ar an bhFearann i gCo. Chorcaí agus is ó Chill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí dá muintir roimpi. Bhí sí mar amhránaí cónaitheach i nGaeltacht Mhúscraí sa bhliain 2000-2001 agus b’í an chéad stiúrthóir í ar Scéim Aisling Gheal – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí. Tá blianta caite aici i mbun ranganna do aos óg Mhúscraí ó shin.
Tá mórán duaiseanna bainte amach aici féin ag Fleadhanna Ceoil agus ag Oireachtas na Gaeilge. Bhuaigh sí Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós sa bhliain 2018. Bronnadh Gradam Ceoil TG4 Amhránaí na Bliana uirthi sa bhliain 2018 chomh maith. Tá cúig bliana déag caite aici ag múineadh sean-nóis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is minic í páirteach i bhféilte ceoil agus amhránaíochta ar fuaid na tíre agus thar lear. Is ball í de Acadamh Fódhla i Múscraí agus de Chlub Amhránaithe Chorcaí atá lonnaithe sa chathair.
Tá dhá dhlúthdhiosca eisithe aici – “Guth ar fán” 1999 agus “Ceantar Glas Mhúscraí” 2018.
Máire Ní Chéileachair is a sean-nós singer from Farran, Co. Cork, who inherited her love of traditional songs and music from her family roots in Kilnamartyra in the Muskerry Gaeltacht of Co. Cork. She has been teaching sean-nós singing to young people in that Gaeltacht since the “Aisling Gheal” scheme started in 2000. She has been teaching sean-nós singing in University College, Cork, since 2013.
A winner of many prizes at Fleadh Cheoil and Oireachtas na Gaeilge singing competitions she won the premier sean-nós singing competition Corn Uí Riada in 2018 and was also awarded Gradam Ceoil TG4 Amhránaí na Bliana / Singer of the Year in 2018. She is a member of Cork Singers’ Club and a regular visitor and guest at singing festivals around Ireland, Europe and North America.
She has issued two CD’s, “Guth ar Fán” in 1999 and in 2018 a double CD of her songs, in Irish and English, called “Ceantar Glas Mhúscraí”.